Caith vóta don choinne is fearr leat
Sé do bheatha chuig Mo Ghrá Gael, sraith 2, faoi choinne TG4 le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
Is beirt duine singil iad Síle Ní Scanláin agus Ainle Ó Cairealláin agus iad ar thóir an ghrá, tá siad ar tí tús a chur le turas grá fud fad na tíre le bualadh le daoine eile atá singil agus le titim i ngrá....
Ach ní gnáthdhaoine atá i gceist acu!
Ba mhaith leo bualadh le daoine atá cosúil leo, a bhfuil a gcroí istigh sa Ghaeilge, sa chultúr agus sa traidisiún céanna leo.
Más sin an chinéal duine thú agus má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil, lean ort ag léamh!
Sa tsraith úr chleamhnais seo, leantar beirt ógánach singil ar turas rómánsúil agus iad ag cuardach a nGrá Gael
Tá Síle Ní Scanláin agus Ainle Ó Cairealláin beirt singil, agus tá siad ar lorg grá. Thug siad faoi smacht a chur ar a gcinniúint féin agus d'iarr siad ar dhaoine eile atá singil agus atá ar chomh-intinn leo físeáin fúthu féin a chur isteach chuig an suíomh idirlín Mo Ghrá Gael. I ndiaidh dóibh daoine a roghnú, bhuail siad an bóthar agus chuaigh siad timpeall na tíre ar turas rómánsúil. Ach caithfidh gur duine an-speisialta é don bheirt acu - tá dúil as cuimse ag Síle agus Ainle i gcúrsaí Gaelacha, agus tá liosta fada de thréithe acu le fáil sna daoine a théann i bhfeidhm orthu. Cuirtear tús lena dturas i mBaile Átha Cliath, agus ar aghaidh leo go Corcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, agus Béal Feirste. Nuair a stopann siad i ngach áit, buaileann siad le scaifte daoine difriúil atá ag iarraidh dul i gcion orthu leis an dara coinne a bhaint. Cad é mar a éireoidh le Síle agus le hAinle? An féidir splanc an ghrá a mhothú ar an chéad choinne?
Sa séú clár, clár deireanach na sraithe, tá ar Shíle agus ar Ainle duine den chúigear óna coinní roimhe a roghnú le haghaidh deireadh seachtaine rómánsúil i mBúdaipeist. Is é sin, cor cinniúna an ghrá!
Craolfar an tsraith Dé Máirt ag 10.00 i.n ag tosú ar 7ú Feabhra ar TG4 agus is féidir an bheirt a leanúint ag moghragael2.com
Suíomh: Gaillimh
Aois: 26
Post: Múinteoir
“Beagán a rá agus é a rá go maith” – Sin rud a dhéanaim iarracht a dhéanamh i gcónaí agus mé do mo chur féin i láthair, ach ní éiríonn liom i gcónaí!
Suíomh: Béal Feirste
Aois: 26
Post: Eolaí Spóirt
Mar a deir na Black Eyed Peas: ‘Cá bhfuil an grá?!’ Sin an cheist atá ar bharr mo theanga agus mé sa tóir ar spéir-bhean Ghaelach.